An bhfuil tu ag dul i mbun do Ghno Nualaioch fein san Iarthuaisceart. Ta CEIM anseo chun cuidiu leat
By James Donlon, April 26, 2007
Is é CÉIM an clár forbartha fiontair is rathúla san Iarthuaisceart. Tá sé a thairiscint ag Institiúid Teicneolaíochta Shligigh agus Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn i gcomhar le Border Action, Enterprise Ireland agus Údarás na Gaeltachta agus a chomhordú ag WESTBIC. Tá an clár ag earcú anois don ceathrú bliain agus táthar ag díriú ar dhaoine atá ina gcónaí san Iarthuaisceart nó ar mian leo athlonnú go dtí réigiún an Iarthuaiscirt, daoine a bhfuil smaointe nuálaíocha gnó acu, gnónna a bhfuil acmhainneacht ard tráchtála agus easpórtála iontu. Amharcóidh CÉIM ar iarratais ó chéimithe tríú leibhéal, ó dhaoine a ndearnadh iomarcaíocht orthu agus ó ghrúpaí atá aitheanta ag Clár Peace II an AE.
Is clár lánaimseartha i mbunú gnó atá i gCÉIM, a mhaireann ar feadh bliana agus trína mbainfidh na hiarratasóirí, a n-éiríonn leo, tairbhe as tacaíocht traenála, meantóíreachta, airgeadais agus tacaíochtaí eile gnó, deiseanna líonraithe agus spás goradánach.
Cuireann an clár na tacaíochtaí seo a leanas ar fáil d’Fhiontraithe:
· Traenáil i ngach uile ghné de ghnó
· Deontas i gcabhair ó Enterprise Ireland nó ó Údarás na Gaeltachta d’iarratasóirí incháilithe
· Meantóireacht ó chomhairleoirí agus ó chleachtóirí gnó a bhfuil taithí mhaith acu i ndáil le comhairle atá ábhartha do thogra an rannpháirtí
· Oifig agus áiseanna eile goradánacha gnó ar fáil san ITSBIC, Sligeach nó sa Lárionad Forbartha Gnó san LYIT, Leitir Ceanainn
· Líonrú le fiontraithe eile agus le gníomhaireachtaí forbartha gnó
· Aithne ar eagraíochtaí síoltacaíochta agus infheistíochta caipitil do na céimeanna tosaigh.
Tá lúcháir mhór ar Institiúid Teicneolaíochta Shligigh agus Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn a bheith rannpháirteach i gclár CÉIM siocair go gcuireann sé ar fáil eiseamláir sármhaith de chomhoibriú ardoideachais ar mhaithe le freastal ar riachtanais eacnamaíochta an réigiúin.
Imeasc iar rannpháirtithe i gClár CÉIM na bliana na 2006 / 2007, bhí Paul McNulty as Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall agus Stephen Butler as Baile an Mhóta, Co. Shligigh:
Bhí Paul Mc Nulty rannpháirteach sa chlár CÉIM le linn 2006/2007. Tháinig Paul ar an tsaol i Leitir Ceanainn. Ar feadh dornán blianta bhí Paul ina chónaí agus ag obair thar lear, an mhórchuid den ama i Nua-Eabhrac. Nuair a tháinig sé ar ais chun an bhaile, ní raibh mórán oibre ina shlí bheatha-san, na hilmheáin, le fáil i nDún na nGall, ach bhí rún aige fanacht i Leitir Ceanainn agus gan pilleadh ar shaol suaite na cathrach. Sa bhliain 2006, díreach i ndiaidh dó “Trinity Innovations” a bhunú, ghlac Paul páirt i gclár CÉIM agus thosaigh sé ag déanamh forbairt ar réiteach bogearraí d’fhoilsitheoirí le cuidiú leo imprisin dhigiteacha dá gcuid teideal a chruthú le feiceáil ar an Ghréasán. D’éirigh go hiontach leis an táirge seo & agus tá sé in úsáid ag mórán de na comhlachtaí foilseoireachta is iomráití in Éirinn, fiú ag comhlachtaí do thairseacha Gréasáin macasamhail “myhome.ie”, agus ag comhlachtaí éagsúla sa Ríocht Aontaithe agus ar Mhór-roinn na hEorpa. San am i láthair, tá siad ag obair ar réimse d’fheidhmchláir difriúla, ina measc curricula vitae digiteacha le físagallaimh, agus táirge crua-earraí & táirge bogearraí miondíola do thionscal na ngluaisteán. Ar na mallaibh, bhí an bhua le Paul sa Bhabhta Deiridh Réigiúnach BMW d’Fhiontraithe na hÉireann agus comórtas BIC na hÉireann ar a dtugtar “Prove Your Idea Competition”.
Bhí Stephen Butler ina rannpháirtí sa Chlár CÉIM sa bhliain 2006/2007 fosta. Ghnóthaigh Stephen, a bhog go Sligeach corradh agus 15 bliain ó shin, ghnóthaigh sé céim san Fhisic Mhatamaiticiúil. Bhí sé ag obair le Lake Communications i Sligeach sular chuir sé a chomhlacht féin, envAccounts , ar bun sa bhliain 2006. Is comhlacht é seo a sholáthraíonn bogearraí a chloíonn le rialacháin timpeallachta. Déanann an comhlacht sainfheidhmiú ar réitigh táirgiúlachta Web 2.0.
Thug Clár CÉIM deis don dá fhiontraí traenáil agus meantóireacht a fháil chomh maith le comhairle shainiúil maidir le bunú gnó chun cuidiú leo a bhfíseanna a bhaint amach. A bhuíochas don chlár fosta, fuair Paul agus Stephen tacaíocht ón chiste CORD atá ag Enterprise Ireland, maoiniú a chuir ar a gcumas an fhostaíocht lánaimseartha a bhí acu roimhe sin a thabhairt suas agus oibriú go lánaimseartha ar bhunú agus ar fhorbairt a ngnólachtaí féin.
Maíonn Paul: “bhí Clár CÉIM ina dheis iontach a chur ar mo chumas an fhís gnó a bhí agam a fhíorú – thairg sé traenáil, meantóireacht agus tacaíochtaí riachtanacha eile dom le cuidiú liom mo ghnó a fhorbairt. Bhí an spás goradánach a fuair mé ón chlár thar a bheith luachmhar ar an tséala gur lig sé dom fíorláithreacht gnó a bheith agam agus ag an am céanna a bheith in inmhe an smaoineamh gnó a fhorbairt”.
Agus deir Stephen, “de bharr na tacaíochta a fuair mé ón Chlár CÉIM agus ó Enterprise Ireland tríd an chiste CORD, fuair mé deis ar dóigh chun mo chuid mianta gnó a thabhairt chun foirfeachta. Mholfainn do dhuine ar bith a bhfuil smaoineamh maith gnó acu iarratas a chur faoi bhráid an chláir seo ná is cinnte gur féidir leis an difríocht a dhéanamh idir rath agus teip gnó”.
Tá Trinity Innovations lonnaithe sa Lárionad Forbartha Gnó, in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an ghnólacht ag paul@trinityinnovations.ie nó ar 086 0625348.
Tá EnvAccounts lonnaithe sa Lárionad úrnua ITSBIC ar champas Institiúid Teicneolaíochta Shligigh agus is féidir teagmháil a dhéanamh leis an ghnólacht ag stephen.debuitleir@gmail.com nó ar 086 6006300.
Má tá cabhair de dhíth ort chun do ghnó féin a bhunú chomh maith le heolas faoin Chlár CÉIM a bheas ag tosú i mbliana, faigh i dteagmháil le Aideen Brennan, le do thoil, faoi choinne breis sonraí:
Bainisteoir Cláir, CÉIM, ITSBIC, An Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach.
Teil: + 353 (0) 71 91 41501 nó abrennan@westbic.ie
Is é an Aoine, 4 Bealtaine 2007, an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais chomhlánaithe.
Tá Clár CÉIM páirtmhaoinithe ag Clár an Aontais Eorpaigh um Shíocháin agus Athmhuintearas agus ag Rialtas na hÉireann faoin Phlean Forbartha Náisiúnta, agus a bhainistiú ag Border Action thar ceann Comhlacht na gClár Speisialta AE.
Find more news items in our news archives.